Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 15:15-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Is drochlá gach lá ag fear na buairte,ach is fleá gach lá ag an gcroí suairc.

16. Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarnaná an builín mór agus buairt dá réir.

17. Is fearr de bhéile luibheanna agus grá leoná mart méith agus gráin leis.

18. Adhnann an duine lasánta achrann,ach réitíonn an duine sochma aighneas.

19. Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí,ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].

20. Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair,ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.

21. Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois,ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.

22. Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú,ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.

23. Gabhann áthas le freagra pras,agus nach maith é an focal i dtráth!

24. Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha,agus seachnaíonn sé Seól laistíos.

25. Leagann an Tiarna teach na n‑uaibhreach ar lár,ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 15