Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 14:5-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ní insíonn finné fírinneach bréag;ach tagann éitheach ón bhfinné bréagach le gach anáil.

6. Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna;tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana.

7. Seachain comhluadar an amadáin,ach cloígh le beola críonna.

8. Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta;cuireann baois na mbaoth daoine amú.

9. Déanann Dia fonóid faoi na hurchóidigh,ach bíonn a ghnaoi ar na fíréin.

10. Is eol don chroí a bhrón féin,agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.

11. Scriosfar teach an urchóidigh,ach beidh áitreabh an fhíréin faoi bhláth.

12. Tá cosán ann a shamhlaíonn díreach do dhuineach níl de chríoch air ach slí an bháis.

13. Sa gháire féin bíonn cumha chroí,agus sé an dobrón is críoch don lúcháir.

14. Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin,agus an fear cóir le fómhar a bheart.

15. Géilleann an duine saonta do gach scéal,ach ní thugann an duine críonna léim an daill.

16. Bíonn fear na céille gaoismhearach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.

17. Déanann an duine teasaí bearta baotha,ach bíonn foighne ag fear na tuisceana.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 14