Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 14:27-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Foinse beatha is ea eagla an Tiarna,lena seachnaíonn duine gaistí an bháis.

28. Mathshlua daoine is glóir ag rí;bíonn flaith faon nuair a bhíonn sé gan daoine.

29. Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge;is [measa ná baoth] an fear lasánta.

30. Cuireann an croí socair anam san fheoil,ach creimeann an fhearg na cnámha.

31. Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán;ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.

32. Scriosann a urchóid féin an coirpeach;ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.

33. Lonnaíonn an eagna i gcroí fhear na tuisceanaach [níl fiú aithne uirthi] i gcroí lucht na baoise.

34. Déanann an tsuáilce cine a mhóradh,ach is tarcaisne ar aon náisiún an peaca.

35. Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste,ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 14