Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 14:18-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Bíonn seilbh ag na hamadáin ar an mbaois,ach bíonn eolas mar choróin ag lucht na gaoise.

19. Cromann an t‑olc roimh an mhaith,agus déanann an t‑urchóideach amhlaidh ag geataí na bhfíréan.

20. Is fuath fiú lena chomharsa féin an bochtán;ach bíonn fuílleach cairde ag an saibhir.

21. Peacach an té ar beag leis a chomharsa;ach is méanar don té ar trua leis an bochtán.

22. Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta?Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa.

23. Bíonn toradh ar gach saothar;níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.

24. Coróin na ngaoismhear a ngaois,an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha.

25. Sábhálann finné fírinneach daoine ón mbás;is fealltóir an bréagaire.

26. Ábhar teann muiníne ag duine is ea eagla an Tiarna;beidh sé mar thearmann ag a chlann.

27. Foinse beatha is ea eagla an Tiarna,lena seachnaíonn duine gaistí an bháis.

28. Mathshlua daoine is glóir ag rí;bíonn flaith faon nuair a bhíonn sé gan daoine.

29. Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge;is [measa ná baoth] an fear lasánta.

30. Cuireann an croí socair anam san fheoil,ach creimeann an fhearg na cnámha.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 14