Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 14:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tógann an [eagna] teach di féin,ach déanann an bhaois é scartáil lena lámha féin.

2. An té a shiúlann ar chosán na fíréantachta, bíonn eagla an Tiarna air;ach an té ar claon iad a bhealaí, is beag é a mheas air.

3. Bíonn slat an uabhair i mbéal an amadáin,ach is díon iad a bheola don duine críonna.

4. Gan damh gan farae;le neart daimh tagann fómhar fial.

5. Ní insíonn finné fírinneach bréag;ach tagann éitheach ón bhfinné bréagach le gach anáil.

6. Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna;tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana.

7. Seachain comhluadar an amadáin,ach cloígh le beola críonna.

8. Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta;cuireann baois na mbaoth daoine amú.

9. Déanann Dia fonóid faoi na hurchóidigh,ach bíonn a ghnaoi ar na fíréin.

10. Is eol don chroí a bhrón féin,agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.

11. Scriosfar teach an urchóidigh,ach beidh áitreabh an fhíréin faoi bhláth.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 14