Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 13:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar;ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.

2. Caitheann an fear maith bia fónta, toradh briathra a bhéil;ach is ar an bhforéigean a chothaítear goile na bhfeallairí.

3. An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo,ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.

4. Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair;ach bíonn an saothrach sáitheach.

5. Is fuath leis an bhfíréan an bhréag,ach bíonn an t‑urchóideach ag cúlchaint agus ag tarcaisniú.

6. Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha;milleann an urchóid an peacach.

7. Ligeann fear gan mhaoin air a bheith saibhir,agus ligeann fear eile lena lán maoine air a bheith dealbh.

8. Fuasclaíonn a mhaoin an saibhir,ach níl [sás a ghill] ag an daibhir.

9. [Lonraíonn] lóchrann an fhíréin,ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 13