Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 1:1-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:

2. Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc;le go dtuigfí briathra ciallmhara;

3. Le go bhfaighfí oiliúint in iompar críonna,san fhíréantacht, sa chóir, agus sa cheart.

4. Le críonnacht a thabhairt don saonta,agus eolas agus tuiscint don óg;

5. Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh,briathra na saoithe agus a nathanna -

6. Éisteadh an t‑eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige,agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.

7. Tús na heagna eagla Dé;is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.

8. Éist, a mhic, le teagasc d'atharagus ná séan oiliúint do mháthar.

9. Beidh siadsan mar choróin ghrásta ar do cheannagus mar thorc ar do bhráid.

10. Má bhíonn peacaigh do do mhealladh, a mhic ó,ná géill dóibh.

11. Má deir siad: “Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola;tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh;

12. Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól,iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe.

13. Gheobhaimid maoin de gach sórt,agus líonfaimid ár dtithe le creach.

14. Fág do chuid roinne fúinne;ní bheidh againn go léir ach an t‑aon sparán.”

15. A mhic, ná gabh an bealach leo,agus ná leag do chos ar a gcosán.

16. (Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc,agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)

17. Is fánach é an líon a leathadhagus an t‑éan ag faire.

18. Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán;orthu féin a dhéanann siad eadarnaí.

19. Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir;sciobann an foréigean an t‑anam ón dream ar leo é.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 1