9. An té a chruthaigh an chluas, an ea nach gcluinfidh sé?agus an té a chum an tsúil, an ea nach bhfeicfidh sé?
10. An té a smachtaíonn na náisiúin nach n‑agróidh sé?an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige?
11. Is eol don Tiarna smaointe an duine;is eol dó nach bhfuil iontu ach puth anála.
12. Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna;an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.
13. Tugann tú faoiseamh dó in aimsir a thrioblóide,nó go dtochlaítear clais don urchóideach.
14. Óir ní thréigfidh an Tiarna a phobal;ní thabharfaidh sé droim láimhe lena oidhreacht,
15. nó go mbéarfar breithiúnas de réir an chirt;agus go leanfaidh lucht an chroí dhírigh go léir é.
16. Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n‑ainbheartachdo mo chosaint ar lucht déanta an oilc?
17. Murach an Tiarna a theacht i gcabhair orm,ní fada go mbeadh m'anam ag lonnú i log an chiúnais.
18. Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim,is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé.
19. Nuair is líonmhar iad buarthaí mo chroí,cuireann do shóláis aoibhneas ar m'anam.
20. An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat,an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais?