Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 94:9-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. An té a chruthaigh an chluas, an ea nach gcluinfidh sé?agus an té a chum an tsúil, an ea nach bhfeicfidh sé?

10. An té a smachtaíonn na náisiúin nach n‑agróidh sé?an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige?

11. Is eol don Tiarna smaointe an duine;is eol dó nach bhfuil iontu ach puth anála.

12. Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna;an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.

13. Tugann tú faoiseamh dó in aimsir a thrioblóide,nó go dtochlaítear clais don urchóideach.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 94