Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 94:18-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim,is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé.

19. Nuair is líonmhar iad buarthaí mo chroí,cuireann do shóláis aoibhneas ar m'anam.

20. An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat,an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais?

21. Tugann siad fogha faoi anam an fhíréin,agus daorann siad an neamhchiontach chun báis.

22. Bíodh acu! sé an Tiarna mo dhaingeanagus sé Dia carraig mo dhídine.

23. Tabharfaidh sé a n‑urchóid sa mhullach orthu,agus scriosfaidh iad lena mailís féin;millfidh an Tiarna ár nDia iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 94