1. A Thiarna Dia, is leatsa an díoltas;a Dhia, a dhíoltasaí, bí do do thaispeáint féin dúinn.
2. Éirigh! tabhair breithiúnas ar an talamh;tabhair a ndíol do lucht an díomais.
3. Cá fhad a mhaífidh na héagráifigh, a Thiarna;cá fhad a mhaífidh siad a mbua?
4. Ag gaotaireacht dóibh is ag labhairt go díomasach,bíonn na hainbheartaigh ag maíomh go mórtasach.
5. Gabhann siad de chosa i do phobal, a Thiarna,agus déanann siad d'oidhreacht a chiapadh.
6. Maraíonn siad an bhaintreach is an strainséir,agus tugann siad ár an dílleachta.
7. Agus deir siad: “Ní fheiceann an Tiarna é;ní thugann Dia Iacóib dá aire é.”
8. Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille;a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!
9. An té a chruthaigh an chluas, an ea nach gcluinfidh sé?agus an té a chum an tsúil, an ea nach bhfeicfidh sé?
10. An té a smachtaíonn na náisiúin nach n‑agróidh sé?an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige?