2. Déan m'anam a chosaint óir is dílis mé;fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat.
3. Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna,óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.
4. Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh,óir is chugat a thógaim m'anam, a Thiarna.
5. Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna,lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.
6. Éist le m'urnaí, a Thiarna;tabhair aire do ghlór mo ghuí.
7. Is ortsa a ghlaoim lá mo bhuartha;de bhrí go n‑éisteann tú liom.