Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 85:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach.

2. Bhí tú fabhrach le do thalamh, a Thiarna;d'athraigh tú chun feabhais cinniúint Iacóib.

3. Mhaith tú a gcoir do do phobalagus d'fholaigh tú a bpeacaí go léir.

4. Chuir tú cosc le d'fhearg ar fad;chuir tú suas de do chonfadh buile.

5. Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir;agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.

6. An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách,nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch?

7. Nach dtabharfaidh tú aiseag ár mbeatha dúinnchun go ndéanfaidh do phobal lúcháir ionat?

8. Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire,agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe.

9. Éistfidh mé leis an Tiarna Diaóir labhróidh sé ar son na síochána -síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin;agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.

10. Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe;chun go gcónódh a ghlóir inár dtír.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 85