6. Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart;an dream a mbíonn do shlite ina gcroí.
7. Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin,feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é;líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.
8. Téann siad ó neart go neart;feicfidh siad Dia na ndéithe i Síón.
9. A Thiarna na slua, éist le mo ghuí;tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah
10. Féach, a Dhia, ár sciath;agus breathnaigh ar aghaidh d'ungthaigh féin.
11. B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteannaná míle lá in aon áit eile.B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Déná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.
12. Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Diaa bhronnann orainn grásta agus glóir.Ní eitíonn sé maitheas ar bithar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.
13. A Thiarna (a Dhia) na slua,is aoibhinn don té a bhfuil a dhóchas ionat.