Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 84:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Salm le clann Chorach.

2. Nach álainn go dearfa d'áras,a Thiarna na slua!

3. Ag meirtniú le méin do m'anam,santaíonn sé cúirteanna an Tiarna.Gairdíonn mo chroí is mo cholainn,i nDia - an Dia bithbheo.

4. An gealbhan féin, fuair sé teach;fuair an fháinleog nead di féinmar a gcuirfeadh sí a hál ag d'altóirí;a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia.

5. Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach;beidh siad do do mholadh de shíor.

6. Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart;an dream a mbíonn do shlite ina gcroí.

7. Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin,feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é;líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.

8. Téann siad ó neart go neart;feicfidh siad Dia na ndéithe i Síón.

9. A Thiarna na slua, éist le mo ghuí;tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 84