Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 77:7-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche;scrúdaím mé féin ó spiorad.

8. An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí;an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta?

9. An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn;an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách?

10. Ar thug Dia a thrua i ndíchuimhne;ar bhuaigh an fhearg ar an taise aige? Selah

11. Dúirt mé: “Is é mo laigea mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.”

12. Bím ag cuimhneamh ar oibreacha an Tiarna;ar na hiontais a rinne tú fadó.

13. Bím ag smaoineamh ar do ghníomhartha go léir;déanaim machnamh ar d'éachtaí móra.

14. Is naofa do shlí, a Thiarna;cén Dia atá chomh mór lenár nDia-na?

15. Is tú an Dia a dhéanann éachtaí;thaispeáin tú do chumhacht do na ciníocha.

16. Le do chuisle do cheannaigh tú do phobal;clann Iacóib agus fós clann Iósaef. Selah

17. Thug na huiscí dá n‑aire thú, a Dhia;Thug siad dá n‑aire thú agus ghlac siad eagla,agus chrith na duibheagáin le barr sceimhle.

18. Bhí na scamaill ag stealladh uisce anuas;bhí na spéartha ag caitheamh toirní go torannach;agus do shaigheada ag scinneadh de gach leith dínn.

19. Bhí do thoirneach ag tormáil mórthimpeallagus do splancacha ag soilsiú an tsaoil.Corraíodh an talamh agus chrith sé.

20. Bhí do shlí ar fud na farraigeagus do chosáin sna huiscí mórabíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 77