1. Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm Ásáf.
2. Glaoim ar Dhia os ard;glaoim os ard i dtreo go n‑éistfidh sé.
3. Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha;Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche,agus diúltaíonn m'anam don sólás.
4. Ligim osnadh is mé ag smaoineamh ar Dhia;ar mo mharana dom is lag liom mo mheanma. Selah
5. Baineann tú codladh na hoíche de mo shúile;ní fhéadaim labhairt le méad mo bhuartha.
6. Smaoiním ar na laethanta a d'imigh;is cuimhin liom na blianta fadó.
7. Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche;scrúdaím mé féin ó spiorad.
8. An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí;an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta?
9. An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn;an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách?
10. Ar thug Dia a thrua i ndíchuimhne;ar bhuaigh an fhearg ar an taise aige? Selah
11. Dúirt mé: “Is é mo laigea mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.”
12. Bím ag cuimhneamh ar oibreacha an Tiarna;ar na hiontais a rinne tú fadó.
13. Bím ag smaoineamh ar do ghníomhartha go léir;déanaim machnamh ar d'éachtaí móra.
14. Is naofa do shlí, a Thiarna;cén Dia atá chomh mór lenár nDia-na?
15. Is tú an Dia a dhéanann éachtaí;thaispeáin tú do chumhacht do na ciníocha.
16. Le do chuisle do cheannaigh tú do phobal;clann Iacóib agus fós clann Iósaef. Selah
17. Thug na huiscí dá n‑aire thú, a Dhia;Thug siad dá n‑aire thú agus ghlac siad eagla,agus chrith na duibheagáin le barr sceimhle.
18. Bhí na scamaill ag stealladh uisce anuas;bhí na spéartha ag caitheamh toirní go torannach;agus do shaigheada ag scinneadh de gach leith dínn.