Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 74:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Is tú a scoilt an mhuir le do chumhachtagus a bhris ina mbloghanna cinn na n‑arrachtach san uisce.

14. Is tú a rinne conamar de chinn an Leiviatangur thug tú ina bhia é do ainmhithe allta an fhásaigh.

15. Is tú a chuir foinsí agus caisí ag brúchtaíl;is tú a dhiúg na haibhneacha tuilte.

16. Is leat an lá agus is leat an oíche;is tú a shocraigh an ghrian is an ghealach.

17. Is tú a chinn críocha uile na cruinne;is tú a dhealbhaigh an samhradh is an geimhreadh.

18. Cuimhnigh, a Thiarna, ar an namhaid fonóideach;tugann pobal gan chiall tarcaisne do d'ainm.

19. Ná tabhair anam do choilm don bhadhbh, a Thiarna;ná déan dearmad go deo ar anam na mbocht.

20. Tabhair aire do do chonradh óir is lomlán d'éigeanuaimheanna agus diamhra uile na tíre.

21. Ná lig don té faoi leatrom filleadh faoi náire;go raibh an dealbh agus an daibhir ag tabhairt moladh do d'ainm.

22. Éirigh, a Dhia, agus tagair do chúis;cuimhnigh mar a mhaslaíonn an t‑éagráifeach gach lá thú.

23. Ná tabhair i ndíchuimhne callán do naimhdeagus glamaíl d'eascairde ag méadú de shíor.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 74