Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 74:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mascil Ásáf. 1 Cad fáth ar chaith tú uait go brách sinn, a Dhia?Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce?

2. Cuimhnigh ar do chomhthionól a bhunaigh tú fadó;ar an gcine a cheannaigh tú mar oidhreacht duit féin,ar Shliabh Shíón mar a ndearna tú áras do chónaithe.

3. Tabhair d'aghaidh ar na fothracha a scriosadh ar fad,ar an dochar a rinne an namhaid san ionad naofa.

4. Tá do naimhde ag búiríl i lár do thionóilagus chuir siad a meirgí mar chraobh choscair in airde.

5. Is cosúil iad le coillteoirí ag beartú a mbiailí;

6. tuairgníonn siad le tuanna adhmad snoite na ndoirseagus déanann siad sceanairt díobh le casúir is le ceapoird.

7. Chuir siad do shanctóir faoi bharr dearglasrach.Thruailligh siad agus leag d'áit chónaithe go húir.

8. Dúirt siad ina gcroí istigh: “Scriosaimis ar fad iad;cuirimis trí thine a bhfuil de scrínte Dé sa tír.”

9. Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl fáidh ann feastaná níl aon neach inár measc arb eol dó cá fhad.

10. Cá fhad a bheidh an t‑eascara go tarcaisneach, a Dhia;an dtabharfaidh an namhaid masla do d'ainm go brách?

11. Cad fáth a n‑iompaíonn tú do lámh uainn, a Thiarna?Cad fáth a bhfolaíonn tú do dheaslámh i do bhrollach?

12. Is é Dia mo Rí leis na cianta cairbreacha;an té a dhéanann slánú i lár an talaimh.

13. Is tú a scoilt an mhuir le do chumhachtagus a bhris ina mbloghanna cinn na n‑arrachtach san uisce.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 74