Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 7:6-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm,go ngabha sé de chosa i m'anam,is go leaga sé m'oineach sa luaithreach.

7. Éirigh, a Thiarna, le corp feirge:éirigh in aghaidh buile mo namhad (a Dhia liom),dúisigh, ó d'fhógair tú breithiúnas.

8. Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall:bí i do shuí os a gcionn in airde.

9. Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha.Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m'fhíréantachtaagus de réir an ionracais atá ionam.

10. Cuir deireadh le hurchóid na n‑éagráifeachagus daingnigh na fíréin;os tú a thriaileann croí agus áranna,a Dhia na fíréantachta.

11. Is é Dia mo sciath is mo dhídeana shaorann lucht an chroí dhírigh.

12. Breitheamh ceart cóir é Dia,Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.

13. Mura leasaíonn siad, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh;teannfaidh sé agus díreoidh sé a bhogha;

14. tá uirlisí marfacha gléasta aigeagus saigheada mar chaora tine.

15. Bhí an t‑urchóideach torrach ar an olcghabh sé an mhioscais agus shaolaigh an feall.

16. D'oscail sé clais agus thochail íach thit sé sa pholl a rinne sé.

17. Fillfidh a mhioscais ar a bhaithis féin:ar a cheann féin a fhillfidh a fheall.

18. Molfaidh mé an Tiarna as ucht a fhíréantachta:ceolfaidh mé don Tiarna, an Neach is Airde.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 7