Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 7:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Amhrán éagaointeach (Siggayon) de chuid Dáiví a chan sé don Tiarna mar gheall ar Chuis an Biniáimineach.

2. A Thiarna, a Dhia liom, is tú mo dhídean;saor mé ar mo ghéarleantóirí agus fuascail mé,

3. sula mbeiridís ar m'anam mar leon,do mo sciobadh leo gan fear mo tharrthála ann.

4. A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo,má rinne mé urchóid le mo lámha,

5. má thug mé an t‑olc in aghaidh na maitheasa do mo chara,má chreach mé mo namhaid gan chúis -

6. go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm,go ngabha sé de chosa i m'anam,is go leaga sé m'oineach sa luaithreach.

7. Éirigh, a Thiarna, le corp feirge:éirigh in aghaidh buile mo namhad (a Dhia liom),dúisigh, ó d'fhógair tú breithiúnas.

8. Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall:bí i do shuí os a gcionn in airde.

9. Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha.Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m'fhíréantachtaagus de réir an ionracais atá ionam.

10. Cuir deireadh le hurchóid na n‑éagráifeachagus daingnigh na fíréin;os tú a thriaileann croí agus áranna,a Dhia na fíréantachta.

11. Is é Dia mo sciath is mo dhídeana shaorann lucht an chroí dhírigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 7