Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 68:11-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltaismar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.

12. Tugann an Tiarna an briathar uaidh;is líonmhar an slua iad lucht inste dea-scéala:

13. “Cuirtear ruaig is raon maidhme ar ríthe na sluaiteagus tá an bhantracht sa bhaile ag roinnt na creiche.

14. Bíodh go bhfuil sibhse in bhur luí i measc chróite na gcaorachtá sciatháin an choilm arna gclúdach le hairgeadagus a chleití ag drithliú le ruithne an óir,

15. San uair a scaip an tUilechumhachtach na rítheagus leag sé ar lár iad mar shneachta ar Shalmón.”

16. Is maorga na sléibhte iad sléibhte Bháiseán;is sléibhte beannacha iad sléibhte Bháiseán.

17. Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha,ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras?Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.

18. Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann;tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 68