1. Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.
2. Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhdeagus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó.
3. Mar a scaiptear an deatach is amhlaidh a scaipfear iad;mar chéir a leátar i láthair na tinerachaidh na peacaigh ar neamhní i bhfianaise Dé.
4. Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé,déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.
5. Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm,déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta;gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair.
6. Athair na ndílleachtaí agus caomhnóir na mbaintreach;is é sin Dia ina áras naofa.
7. Is é Dia a thugann teallach don aonarán uaigneach;seolann sé na braighdeanaigh chun saoirse agus sonais,ach fágann sé lucht ceannairce i dtalamh gan uisce.
8. A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach,nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith. Selah
9. Bhí néalta neimhe ag díle báistí i bhfianaise Dé -i bhfianaise Dé is Dia do Iosrael.
10. D'fhear tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d'oidhreacht;thug tú beatha do do phobal agus iad ar an ngorta.
11. Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltaismar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.