Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 67:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Salm. Amhrán.

2. Bí trócaireach linn, a Thiarna, agus beannaigh sinn;taispeáin dúinn solas do ghnúise.

3. Chun go n‑aithneofaí do shlí ar talamhagus do shlánú i measc na náisiún go léir.

4. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.

5. Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeastoisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht,[Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas];treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah

6. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 67