12. Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainngo ndeachamar trí thine is trí uisce;ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn.
13. Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom;leatsa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna -
14. na móideanna a gheall mé ó bhéal duitagus a chan mo theanga le linn mo bhuartha.
15. Ofrálfaidh mé caoirigh méithe uileloiscthemar aon le deatach reithí dóite;ofrálfaidh mé damhra agus gabhair duit.
16. Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh,go n‑inseoidh mé a ndearna sé do m'anam.
17. Ghlaoigh mé os ard air le mo bhéalagus rinne mé a mholadh le mo theanga.
18. Dá gcothóinn an urchóid i mo chroíní éistfeadh an Tiarna liom.
19. Ach d'éist mo Dhia go dearfa;thug sé aire do ghlór mo ghuí.
20. Moladh le Dia nár eitigh mé ar m'achainí,agus nár tharraing a bhuanghrá uaim.