1. Don stiúrthóir. Amhrán. Salm. 1 Gairdigí i láthair Dé, a thíortha uile,
2. canaigí Salm le hurraim dá ainm.Tugaigí moladh agus glóir dó;
3. Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha!Tá de mhéid do nirt, a Thiarna,go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.
4. Umhlóidh an domhan uile i d'fhianaiseagus canfaidh siad Salm do d'ainm.” Selah
5. Téanaigí agus féachaigí oibreacha Dé -na héachtaí a rinne sé idir daoine.
6. Rinne sé talamh tirim den mhuirionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn;déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin.
7. Rialaíonn sé lena chumhacht go brách;bíonn a shúile ag faire na náisiúnsula n‑éireodh lucht ceannairce ina éadan.
8. Beannaígí dár nDia, a chiníocha,go gcluintear a mholadh os ard,