Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 63:7-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort,bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;

8. óir ráinig tú i do chúntóir agam,agus gairdím faoi scáth do sciathán.

9. Tá m'anam ag cloí go dlúth leat,agus coinníonn do dheaslámh suas mé.

10. An dream atá ar tí m'anama chun a scriosta,rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.

11. Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iadagus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.

12. Is i nDia a dhéanfaidh an rí gairdeas,agus beidh áthas ar a mionnaíonn dar eisean,ach cuirfear béal lucht éithigh ina thost.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 63