8. drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu,agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”
9. Bíonn tusa, a Thiarna, ag gáire fúthu,is beag leat na náisiúin go léir.
10. Is duitse a thabharfaidh mé moladhóir is tú mo Dhia is mo dhaingean.
11. Go dtaga mo Dhia i gcabhair orm lena bhuanghráagus dearcfaidh mé go buach ar mo naimhde.
12. Ná lig dóibh, sula mbainfeadh dearmad de mo phobal;déantar a dtreascairt is a leagan ar lár,a Thiarna, ós tú is sciath dúinn!
13. In éiric pheacaí a mbéal is a mbruas,i gcúiteamh a mallachtaí is a mbréaggo mbeirtear orthu ina n‑uabhar.
14. Scrios iad le corp feirge, a Thiarna,scrios iad nó go rachaidh siad ar ceal.Bíodh a fhios acu go bhfuil Dia i réimar Iacób agus ar chríocha na cruinne. Selah
15. Filleann siad gach tráthnona ar nós madraíag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach;
16. gabhann siad anonn is anall ar thóir bia,ag drannaíl dóibh mura bhfaigheann siad a sáith.
17. Comórfaidh mise do chumhacht le cantaireachtagus gairdeoidh mé i do bhuanghrá le breacadh lae;óir ráinig tú i do dhaingean agamsaagus i do dhídean dom ar uair na hanacra.
18. Mo neart thú! is duitse a chanfaidh mé,óir is tú, a Thiarna, mo dhaingean,an Dia a thálann a bhuanghrá orm.