Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 59:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháivi nuair a chuir Sól fir uaidh a dhéanamh faire ar a theach d'fhonn é a mharú.

2. Fuascail mé ó mo naimhde, a Dhia,cosain mé ar a n‑éiríonn i m'éadan.

3. Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóideagus saor mé ó lucht doirte fola.

4. Féach! téann siad in oirchill ar m'anam;déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne;gan choir gan chion uaimse, a Thiarna,

5. tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa.Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!

6. Dia Iosrael thú, agus Tiarna na Slua.Éirigh agus smachtaigh na ciníocha,ná bíodh trua agat do lucht fill agus comhcheilge. Selah

7. Filleann siad gach tráthnóna ar nós madraíag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach.

8. drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu,agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”

9. Bíonn tusa, a Thiarna, ag gáire fúthu,is beag leat na náisiúin go léir.

10. Is duitse a thabharfaidh mé moladhóir is tú mo Dhia is mo dhaingean.

11. Go dtaga mo Dhia i gcabhair orm lena bhuanghráagus dearcfaidh mé go buach ar mo naimhde.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 59