Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 55:19-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Fuasclóidh sé m'anam go sítheachón gcath seo a chuirim -óir is iomaí sin duine a throideann liom -

20. Éistfidh sé liom agus cloífidh iad;(tá sé ann ón tsíoraíocht),óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor,ná ní eagal leo Dia. Selah

21. Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde;briseann sé a chonradh.

22. Is sleamhaine a bhriathra ná im,ach tá cogadh ina chroí.Is boige a bhriathra ná ola,ach is claímhte arna nochtadh iad.

23. Caith do chúram ar an Tiarnaagus déanfaidh sé taca duit;ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisleas an bhfíréan go brách.

24. Ach seolfaidh tusa síos iad, a Thiarna,go poll an bháis;ní bhfaighidh lucht fola agus fillach leath a laethanta.Is ort atá mo sheasamh, a Thiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 55