16. Saor mé ó choir na fola,a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir,agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.
17. A Thiarna, oscail mo bheola,agus fógróidh mo bhéal do mholadh.
18. Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairtagus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.
19. M'íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch;ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal.
20. Bí fial le Síón, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna,ionas go dtógfaí ballaí Iarúsailéim as an nua.
21. Glacfaidh tú ansin le híobairtí na fíréantachta,le hofrálacha agus le híobairtí uileloiscthe:ansin ofrálfar mairt chugat ar d'altóir.