Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 51:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Tabhair ar ais dom áthas do shlánaitheagus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.

15. Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóideagus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.

16. Saor mé ó choir na fola,a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir,agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.

17. A Thiarna, oscail mo bheola,agus fógróidh mo bhéal do mholadh.

18. Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairtagus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.

19. M'íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch;ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal.

20. Bí fial le Síón, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna,ionas go dtógfaí ballaí Iarúsailéim as an nua.

21. Glacfaidh tú ansin le híobairtí na fíréantachta,le hofrálacha agus le híobairtí uileloiscthe:ansin ofrálfar mairt chugat ar d'altóir.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 51