Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 50:17-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ó tharla gur fuath leat mo dhlíagus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?

18. Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leisagus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.

19. Tugann tú do bhéal don olcagus cumann tú bréaga le do theanga.

20. Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit,tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin.

21. Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost?An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é?Táim do do cheartú agus do do chúisiú.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 50