15. Glaoigh orm ansin in am na hanacra;saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”
16. Ach is é a deir Dia leis an bpeacach:“Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairtagus lán béil a dhéanamh de mo chonradh?
17. Ó tharla gur fuath leat mo dhlíagus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?
18. Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leisagus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.
19. Tugann tú do bhéal don olcagus cumann tú bréaga le do theanga.
20. Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit,tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin.
21. Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost?An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é?Táim do do cheartú agus do do chúisiú.
22. Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé;sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann;
23. an té a ghabhann buíochas mar íobairt,is é sin an té a thugann urraim dom;agus don té a mhaireann gan cháimtaispeánfaidh mé slánú Dé.”