Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 50:12-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é,óir is liom an domhan agus a bhfuil ann.

13. An dóigh leat go n‑ithimse feoil tarbh?An measann tú go n‑olaimse fuil gabhar?

14. Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhiadíol do mhóideanna leis an Té is Airde.

15. Glaoigh orm ansin in am na hanacra;saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”

16. Ach is é a deir Dia leis an bpeacach:“Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairtagus lán béil a dhéanamh de mo chonradh?

17. Ó tharla gur fuath leat mo dhlíagus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 50