1. Salm Ásáf. 1 Labhair an Tiarna - is é Dia na ndéithe é -agus ghair sé chuige an chruinne.
2. As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;
3. Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost.Gluaisfidh tine chraosach roimhe amachagus anfa gaoithe ina thimpeall.
4. Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamhgo dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal:
5. “Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthaira cheangail mo chonradh le híobairt.”
6. Foilsíonn na flaithis a fhíréantachtóir is é Dia é féin is breitheamh.