8. Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,is daingean dúinn Dia Iacóib.
9. Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna,na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.
10. Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne:briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna,loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.
11. “Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann,in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”
12. Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,is daingean dúinn Dia Iacóib. Selah