Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 37:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. [Salm le] Dáiví. 1 Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair;ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide;

2. óir dreofaidh siad go luath ar nós an fhéiragus feofaidh siad amhail luibheanna glasa.

3. Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith,agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.

4. Má thugann tú taitneamh don Tiarnatabharfaidh seisean duit mian do chroí.

5. Taobhaigh do shlí leis an Tiarna;cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart

6. i dtreo go n‑éireoidh d'fhíréantacht mar sholasagus d'ionracas mar ghrian an mheán lae.

7. Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis:ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan,ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht

8. Cuir uait an fraoch agus an fíoch;ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar;

9. Óir dísceofar lucht déanta an oilcagus gheobhaidh lucht na foighne an talamh.

10. Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuineFéach a ionad! ní ann dó feasta.

11. Ach beidh seilbh an talaimh ag na híslebeidh a n‑aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.

12. Beartaíonn an t‑urchóideach in aghaidh an fhíréin:baineann díoscán as a fhiacla ina choinne.

13. Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi,óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 37