9. Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna:is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.
10. A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh;ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.
11. Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga:ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.
12. Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liomgo múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.
13. Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?
14. Coinnigh do theanga ón olcagus do bhéal ó bhriathra éithigh.
15. Seachain an t‑olc agus déan an mhaith;bí ag lorg na síochána agus lean di.
16. Bíonn súile an Tiarna ar na fíréinagus tugann sé aird ar a n‑achainí.
17. Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilcd'fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.