Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 34:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?

14. Coinnigh do theanga ón olcagus do bhéal ó bhriathra éithigh.

15. Seachain an t‑olc agus déan an mhaith;bí ag lorg na síochána agus lean di.

16. Bíonn súile an Tiarna ar na fíréinagus tugann sé aird ar a n‑achainí.

17. Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilcd'fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.

18. Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air:fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.

19. Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscarthaagus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.

20. Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan,ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 34