12. Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liomgo múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.
13. Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?
14. Coinnigh do theanga ón olcagus do bhéal ó bhriathra éithigh.
15. Seachain an t‑olc agus déan an mhaith;bí ag lorg na síochána agus lean di.
16. Bíonn súile an Tiarna ar na fíréinagus tugann sé aird ar a n‑achainí.
17. Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilcd'fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.
18. Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air:fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.
19. Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscarthaagus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.
20. Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan,ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;
21. cosnaíonn sé a chnámha go léir;ní bhrisfear oiread is aon cheann amháin acu.
22. Tiománfaidh an t‑olc an t‑éagráifeach chun a bháis,agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.