Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 34:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. [Salm de chuid] Dáiví nuair a lig sé air bheith as a mheabhair i bhfianaise Aibímeilic nuair a chuir seisean an ruaig air.

2. Beannóidh mé an Tiarna i dtólamhbeidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí.

3. Bíonn m'anam ag déanamh mórtais as an Tiarna:éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.

4. Móraigí an Tiarna mar aon liom:tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.

5. Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d'éist sé liomagus d'fhuascail sé ó m'eagla go léir mé.

6. Féachaigí chuige agus loinnir oraibh‘s na bíodh luisne na náire in bhur leicne.

7. Nuair a scairt an t‑ainniseoir seo d'éist an Tiarna,agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.

8. Bíonn aingeal an Tiarna i gcampathart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.

9. Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna:is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.

10. A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh;ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.

11. Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga:ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.

12. Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liomgo múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.

13. Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?

14. Coinnigh do theanga ón olcagus do bhéal ó bhriathra éithigh.

15. Seachain an t‑olc agus déan an mhaith;bí ag lorg na síochána agus lean di.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 34