Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 33:4-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Óir is dílis é briathar an Tiarna,agus is fírinneach a oibreacha go léir.

5. Carann sé an chóir agus an ceartagus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.

6. Lena bhriathar a rinneadh na flaithis:le hanáil a bhéil na realtaí go léir.

7. Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal,agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.

8. Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile;bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.

9. Labhair sé agus rinneadh gach aon ní.D'ordaigh sé agus ráinig siad ann.

10. Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rathagus beartas na náisiún ar neamhní.

11. Maireann comhairle an Tiarna go bráchagus a smaointe ó aois go haois.

12. Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia:an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.

13. Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamhagus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir.

14. Amharcann sé óna ionad cónaithear gach aon neach dá maireann ar talamh -

15. an té a chum a gcroíthe go léiragus a thugann a mbearta go léir dá aire.

16. Ní neart a shlua a thugann bua do rí;ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.

17. Ní hé an t‑each a bhéarfaidh an bua;ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh.

18. Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal éagus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,

19. chun a n‑anam a shaoradh ón mbasagus iad a bheathú le linn gorta.

20. Bíonn ár n‑anam ag feitheamh leis an Tiarna;is é siúd ar gcabhair agus ár sciath;

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 33