Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 33:15-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. an té a chum a gcroíthe go léiragus a thugann a mbearta go léir dá aire.

16. Ní neart a shlua a thugann bua do rí;ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.

17. Ní hé an t‑each a bhéarfaidh an bua;ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh.

18. Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal éagus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,

19. chun a n‑anam a shaoradh ón mbasagus iad a bheathú le linn gorta.

20. Bíonn ár n‑anam ag feitheamh leis an Tiarna;is é siúd ar gcabhair agus ár sciath;

21. is ann a ghairdíonn ár gcroí,is iontaoibh linn a ainm naofa.

22. Go dtaga do bhuanghrá orainn, a Thiarna,de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 33