Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 33:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana:is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice.

2. Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit;déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.

3. Canaigí amhrán urnua dó;canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.

4. Óir is dílis é briathar an Tiarna,agus is fírinneach a oibreacha go léir.

5. Carann sé an chóir agus an ceartagus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 33