Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 31:4-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal;seol mé agus treoraigh mé as ucht d'ainm.

5. Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham,óir is tú mo dhídean, a Thiarna.

6. Do do láimhse a thiomnaím m'anam,óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.

7. A Dhia na fírinne, is fuath leatlucht adhartha íol gan éifeacht,ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna.

8. Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghráóir chuir tú spéis i m'anacairagus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh.

9. Níor thug tú suas do mo namhaid mé,ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing.

10. Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna,óir tá mé i gcúngach.Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse:agus m'anam is mo chroí.

11. Tá mo bheatha á snoí le brónagus mo bhlianta le hosnaíl.Táim ar díth mo nirt le buaireamh;tá mo chnámha á gcnaí.

12. Rinne ábhar aithise díomdo mo naimhde go léir.Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé:is cúis uamhain mé do mo chairde.An dream a chastar sa tsráid orm,teitheann siad uaim.

13. Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de,nó le soitheach a briseadh.

14. Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán,agus imeagla i mo thimpeall.Cograíonn siad lena chéile i m'aghaidh:beartaíonn siad mo bhás.

15. Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna,deirim: “Is tú mo Dhia.”

16. Tá m'anam ag brath ort, saor méón namhaid is ó chách ar mo thóir.

17. Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla;tabhair slán mé i do ghrá.

18. Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort;go gcuirtear náire ar na hurchóidigh.Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;

19. go mbalbhaítear a mbéal bréagach,a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalachle teann uabhair is tarcaisne.

20. Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agatdon dream lenarb eagal tú,a thugann tú don mhuintir a thriallann orti bhfianaise na hÁdhamchlainne.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 31