Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 31:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

2. Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn;nár dhéantar mo náiriú go brách.Saor mé de réir d'fhíréantachta,

3. éist liom agus brostaigh chun m'fhuascailte!Bí i do charraig choimirce dom:i do dhaingean do mo chosaint is do mo tharrtháil.

4. Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal;seol mé agus treoraigh mé as ucht d'ainm.

5. Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham,óir is tú mo dhídean, a Thiarna.

6. Do do láimhse a thiomnaím m'anam,óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.

7. A Dhia na fírinne, is fuath leatlucht adhartha íol gan éifeacht,ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna.

8. Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghráóir chuir tú spéis i m'anacairagus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh.

9. Níor thug tú suas do mo namhaid mé,ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing.

10. Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna,óir tá mé i gcúngach.Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse:agus m'anam is mo chroí.

11. Tá mo bheatha á snoí le brónagus mo bhlianta le hosnaíl.Táim ar díth mo nirt le buaireamh;tá mo chnámha á gcnaí.

12. Rinne ábhar aithise díomdo mo naimhde go léir.Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé:is cúis uamhain mé do mo chairde.An dream a chastar sa tsráid orm,teitheann siad uaim.

13. Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de,nó le soitheach a briseadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 31