Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 27:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúmd'fhonn mo chlú a mhilleadh,is iad m'eascairde a thiteann ar lár;baintear tuisle as mo naimhde.

3. Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinnení bheidh eagla ar mo chroí.Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh ormbeidh dóchas agam ann.

4. Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna;bím ag tnúth leis de shíor:go gcónóidh mé in áras an Tiarnagach lá de mo shaol;go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna‘s go bhfeicfidh mé a theampall.

5. Óir cuirfidh sé i bhfolach ina bhoth méin am na buartha;folóidh sé faoi dhídean a phailliúin mé,ardóidh ar charraig mé.

6. Ardófar mo cheann ar ballthar mo naimhde i mo thimpeall,go n‑ofrálfaidh mé ina bhothsan istighíobairt an áthais.Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna.

7. Éist, a Thiarna, le mo ghlór nuair a ghlaoim ort,freagair, agus fóir orm.

8. Dúirt mo chroí i do thaobhsa:“Bí ag lorg a ghnúise.”Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna,

9. ná folaigh d'aghaidh orm.Ná cuir do ghiolla uait i bhfeirg;is tú mo chúnamh.Ná teilg uait mé is ná tréig mé:a Dhia mo shlánaithe!

10. Má thréigeann fiú m'athair is mo mháthair mé,glacfaidh an Tiarna liom.

11. Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna,cuir sa bhóthar réidh mé,d'ainneoin mo naimhde;

12. agus ná tabhair suas mé a Dhia,do thoil m'eascairde.D'éirigh finnéithe falsa i m'éadan,agus lucht an fhoréigin.

13. Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarnai dtír na mbeo.

14. Fan leis an Tiarna go meanmnach;bíodh misneach i do chroí.Cuir do dhóchas sa Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 27