Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 26:4-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ní bhím i bhfochair lucht éithighná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.

5. Is gráin liom tionól na n‑urchóideach,agus ní shuím i bhfarradh na n‑éagráifeach.

6. Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna,agus gabhaim mórthimpeall d'altóra.

7. Bíonn altú buíochais á chanadh agam,agus d'éachtaí go léir á n‑aithris agam.

8. Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d'áras,don áit a gcónaíonn do ghlóir.

9. Ná sciob mé chun siúil leis na peacaighná m'anam le lucht doirte fola;

10. Is dream iad a mbíonn an urchóid ina lámha acu,agus is lomlán a ndeaslámh de bhreabanna.

11. Ach caithimse mo shaol go hionraic:fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.

12. Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh;molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 26