Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 26:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna,óir shiúil mé ar shlí an ionracais,agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.

2. Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil;scrúdaigh m'áranna agus mo chroí;

3. Óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl,agus bím ag siúl de réir d'fhírinne.

4. Ní bhím i bhfochair lucht éithighná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.

5. Is gráin liom tionól na n‑urchóideach,agus ní shuím i bhfarradh na n‑éagráifeach.

6. Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna,agus gabhaim mórthimpeall d'altóra.

7. Bíonn altú buíochais á chanadh agam,agus d'éachtaí go léir á n‑aithris agam.

8. Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d'áras,don áit a gcónaíonn do ghlóir.

9. Ná sciob mé chun siúil leis na peacaighná m'anam le lucht doirte fola;

10. Is dream iad a mbíonn an urchóid ina lámha acu,agus is lomlán a ndeaslámh de bhreabanna.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 26